Ceist Mhór an Lae

8/08/2006

Cad is ‘Gaeltacht’ ann ag tús an 21ú aois?

Agus é ag caint le linn díospóireachta ar Sheó Beo an tSathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Donncha Ó hÉallaithe, gníomhaí teanga agus léachtóir staitisticí, nach raibh aon cheist gur cheart go mbeadh stádas Gaeltachta ag ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht traidisiúnta.
Dar leis gur ghadaíocht a bheadh ann dá mba rud é go ndearna daoine atá ag cur fúthu sna cathracha, go h-áirithe iarthar Bhéal Feirste, iarracht ar Ghaeltacht a thabhairt orthu féin nó bhainfeadh sé sin ó chiall agus ó bhrí an fhocail a thagraíonn, dar leis, do na ceantair ina raibh an Ghaeilge á labhairt mar theanga phobail ar feadh na nglúnta siar.
Bhí sé ag tabhairt freagra ar cheist ó Chiarán Ó Pronntaigh, iar-eagarthóir ar an nuachtán seo, ag fiafraí ar cheart stádas oifigiúil de shórt éigin, agus luaigh sé ‘Gaeltacht uirbeach’ mar shampla amháin, a bhronnadh ar na pobail sin i gcathracha na tíre ina raibh an Ghaeilge á labhairt: Béal Feirste, Doire, Baile Átha Cliath, Port Láirge (in ainneoin bheart an Fhorais deireadh a chur le Port Láirge Le Gaolainn), Gaillimh agus Corcaigh.
Ní dócha go raibh an freagra a thug an gníomhaí teanga atá lonnaithe i gConamara chomh spleodrach leis an bhfreagra a tugadh do Ghalileo nuair a dúirt seisean os ard nach raibh an domhan cothrom ach go raibh sé cruinn - ach, ag éisteacht dom le RTÉ RnaG i mBéal Feirste, shamhlaigh mé go raibh an dá aisfhreagra ar an scála céanna.
B’ionann an cheist, is cosúil, agus eiriceacht.
Ach ní chiallaíonn an t-aisfhreagra ón ghníomhaí teanga seo, atá tar éis tionscal anailíse a chur ar bun le bás Gaeltachtaí a fhógairt go tráth rialta i leathanaigh Foinse, nach bhfuil stádas Gaeltachta de shórt éigin tuillte ag na Gaeltachtaí cathracha. Tá níos mó ná matamaitic le cur san áireamh leis an gceist casta seo
Tá sé in am smaoineamh in athuair ar céard is Gaeltacht ann?
Seo é an 21ú Aois, nach é?
Nuair a bunaíodh TnaG ar dtús, shamhlaigh pobal na Gaeltachta gur Teilifís na Gaeltachta a bhí i gceist agus mheas pobal na Gaeilge gur Theilifiís na Gaeilge a bhí ann. Tá daoine ann a deir nach bhfreastalaíonn sé ar cheachtar den dá trá, gur teilifís a tharlaíonn di a bheith i nGaeilge agus sin é.
An fáth gur tharraing mé aníos an pointe sin go léiríonn sé deighilt inmheánach i saol na Gaeilge, deighilt a chothaíonn go leor teannais.
Agus is deighilt í a leanfaidh agus a fhásfaidh a fhad is a bhíonn leithéid Donncha Ó hÉallaithe ag moladh breis faoiseamh cánach is deontais tithíochta méadaithe do cheantair Ghaeltachta chun dul i ngleic le fás daonra nach bhfuil inchurtha leis an bhfás daonra i gceantair uirbeacha.
Nó níl faic a chothaíonn teannas a oiread is buntáistí breise arís a thabhairt do dhreamanna a bhfuil go leor buntáistí acu cheana féin as a bheith ag cur fúthu i gceantair Ghaeltachta ach gan iad a bheith ag baint úsáide as an teanga.
Caithfidh go bhfuil, sa bhliain seo 2006, bealach níos éifeachtaí agus níos cothroime leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di.
Dearmad a bhí ann i gcónaí deontais a thabhairt do dhaoine as an Ghaeilge a labhairt ar chúinsí tír-eolaíochta amháin. Botún a bhí ann nó bhí sé ró-éasca calaois a dhéanamh. Agus rinneadh calaois, agus fuair daoine airgead ón stat as an Ghaeilge a labhairt nár bhain úsáid aisti ar bhonn laethúil ar chor ar bith. Bhí sí acu - agus cé a chuirfeadh an locht orthu gan í a úsáid nó gach áit a rabhadar, bhí an Béarla á bhrú orthu agus de réir a chéile b’fhusa acu an teanga sin a úsáid.
Sna cathracha, in áiteanna ar nós iarthar Bhéal Feirste, tá daoine ann ar a dtugann Donncha Ó hÉallaithe ‘tír ghráthóirí’ agus ‘teanga ghráthóirí’ agus é, is dóigh liom, ag iarraidh a stádas mar phobal Gaelach a ísliú. Aontaíonn sé gur cheart dóibh stádas éigin a bheith acu chomh fada agus nach smálaítear ‘Gaeltacht’ le bheith luaite leo.
Ní hé Ó hÉallaithe amháin a bhíonn ag gabháil den chineál seo ‘idirdhealaithe’ nó chualamar caint níos luaithe i mbliana ar Ghuerla is ar Fheirstis ó Thomás Mac Siomóin, a deir go bhfuil ard- mheas aige do Ghaeilge na cathrach, Béal Feirste ach go háirithe, agus anuraidh chualamar baothchaint Mháire Killoran faoin droch mheas a bhí aici siúd ar chaighdeán Gaeilge in áiteanna ar nós Béal Feirste Thiar agus sna Gaelscoileanna.
Nuair nach bhfuil ann ach focal, an focal ‘Gaeltacht, an fiú a bheith ag argóint faoi? Nach bhféadfaí ainm eile a thabhairt ar an Ghaeltacht uirbeach nó, mar a duirt Shakespeare: “A rose by any other name would smell as sweet”.
I mBéal Feirste faoi láthair - agus beidh díospóireacht phoiblí ar an ábhar i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich tráthnóna amárach ag 5.30in - tá iarrachtaí ar bun chun Ceathrú Gaeltachta a bhunú.
Páirteach sa díospóireacht sin, agus is nuacht ann féin é seo, beidh urlabhraí cultúir an DUP, Nelson McCausland. Dea-chomhartha é go bhfuil sé páirteach sa díospóireacht nó léiríonn sé go bhfuil an DUP ag smaoineamh ar an gceist seo, ag leibhéal áirithe taobh istigh den pháirtí pé scéal é, agus go n-áiríonn siad go bhfuil tábhacht ag baint leis an cheist.
Gan focail a chur ina bhéal, os rud é go bhfuil an cheist seo pléite agam leis an Uasal McCausland uair nó dhó roimhe, glacaim leis gurb é an constaic is mó a bheidh á lua ag an gComhairleoir leis an moladh atá ann Ceathrú Gaeltachta a bhunú in iarthar Bhéal Feirste nach bhfuil sé de cheart ag Rialtas an tSaor Stáit stádas mar sin a bhronnadh ar cheantar atá ‘taobh amuigh de dhlínse oifigiúil an Stáit’.
Fágaimís an ‘cheist mhór eile’, ceist na ndlínsí is eile, gan freagra ar feadh nóiméid. Nach bhfuil sé suntasach go mbeadh an DUP agus leithéid Donncha Ó hÉallaithe ar aon taobh ar cheist a bhaineann leis an nGaeilge, bíodh is go bhfuil sé ar chúinsí éagsúla?
Tá sé suntasach go bhfuil an DUP ag glacadh páirte sa díospóireacht seo nó, mar a dúirt mé, léiríonn sé go bhfuil an páirtí ag smaoineamh ar an gceist ar bhealach nach bhfuil pairtithe an deiscirt ag smaoineamh uirthi.
Bhí tuar dóchais anuraidh go raibh Fianna Fáil ag smaoineamh ar an gceist seo nó roghnaigh siad iarrthóir le seasamh i gceantar Gaeltachta Chathair na Gaillimhe le haghaidh toghchán Údarás na Gaeltachta. Bhain Val Hanley a shuíochán ach ba bheag a chualathas ó shin faoi phlean chun ceantar Gaeltachta Chathair na Gaillimhe a ath-ghaelú.
Mar sin de, ní léir go bhfuil aon léargas ar leith ag na páirtithe ó dheas ar an gceist seo, ceist na nGaeltachtaí cathracha. Níl ina gcónaí ann, dar leo, ach vótaí, vótaí ar ghá aoireacht a dhéanamh orthu le go rachaidh siad isteach sa chró cheart tráth toghcháin.
I gceathrú Gaeltachta Iarthar Bhéal Feirste, tá ard-mheas ar an nGaeilge agus is minic a chloistear an teanga amuigh ar an sráid, sna siopaí, sna scoileanna dar ndóigh, sna heaglaisí is eile. Mar is léir ó chásanna a luadh sna leathanaigh seo ar na mallaibh, níl dul chun cinn suntasach déanta ó thaobh Gaelú na bpéas go fóill ach tiocfaidh sin le himeacht aimsire.
Tá lárionad ag an bpobal seo, mar atá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus is anseo atá croí beo an cheantair - caifé, siopa leabhar, comhlacht gairmiúil amharclannaíochta, ranganna oíche, raidió pobail le teacht ar an aer in athuair go luath, gailearaí ealaíne, oifigí d’eagrais Ghaeilge.
Murar féidir stádas Gaeltachta de shórt éigin a bhronnadh ar cheantar ina bhfuil an Ghaeilge chomh beo ann, is teip samhlaíochta é ag lucht polaitiúil
Samhlaigh é, is aidhm é ag an dá mhórpháirtí ó dheas an Ghaeilge a chur chun cinn nó fiú a athréimniú mar theanga ar fud na tíre. Tagann pobal Gaelach iarthar Bhéal Feirste chun tosaigh ag rá gur mhaith leo an Ghaeilge a labhairt agus déantar neamhiontas dá dtairiscint mar gur ‘tír-ghráthóirí’ agus ‘teanga- ghráthóirí’ iad.
Labhraítear Béarla in iarthar Bhéal Feirste ar ndóigh agus is teanga mionlaigh í an Ghaeilge go fóill ann.
Ag an am céanna is léiriú é sin ar an bhfíorshaol, fiú amháin do cheantair fhíor- Ghaeltachta i gCeantar na nOileán i gConamara, i nDún Chaoin i gCiarraí, i Rann na Feirste i dTír Chonaill nó i gCúil Aodha i Músgraí. Is léiriú ar an bhfíorshaol mar a bheidh sí atá ann sna ceantair seo.
An t-aon difear atá idir iarthar Bhéal Feirste agus ceantair mar é i gcathracha na tíre agus na ceantair thuasluaite ná gur féidir go bhfásfaidh an Ghaeilge sna ceantair uirbeacha sin agus gur i léig a n-imeoidh sí sna ceantair fhíorGhaeltachta.
Is coincheap úr é an ‘Ceathrú Gaeltachta’ seo nó tagraíonn sé do cheantar ina bhfuil blas na Gaeltachta, agus éide na Gaeltachta uirthi, sa mhéid gur féidir leat coincheap atá luaite go h-iomlán le ceantair is le pobail tuaithe is cois fharraige a aistriú go ceantar cathrach.
Cuirtear seirbhísí ar fáil ann trí mheán na Gaeilge agus baineann daoine úsáid astu. Agus mura mbíonn na seirbhísí ar fáil, déantar agóid agus cuirtear brú agus, sa deireadh thiar, cuirtear na seirbhísí ar fáil.
Níl aon chúis nach mbeadh Ceathrú Gaeltachta cosúil leis an méid atá á mholadh i mBéal Feirste i ngach mórchathair in Éirinn.
Thiocfadh sé le hath-fhorbairt na cathracha sin, athfhorbairt atá ag dul ar aghaidh ar bhonn leanúnach. Má tá faoiseamh cánach ar fáil le hathfhorbairt cathrach agus faoiseamh cánach ar fáil le haghaidh cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, ní gá smaoineamh rófhada chun tosaigh le go mbeadh faoiseamh cánach ar leith ar fáil le haghaidh athfhorbairt cathrach le gné teanga ar bun, an gá?
Má tá deontas tithíochta ar fáil do theaghlaigh a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht, cén fáth nach mbeadh a leithéid ar fáil taobh amuigh di freisin?
Tá sé riachtanach go ndéanfaí a thuilleadh díospóireachta ar an gceist seo nó níl na freagraí agam.
Tá’s agam rud amháin, áfach, agus is é sin gur níos saibhre i bhfad a bheadh an Ghaeltacht dá mba rud é go raibh áit éigin faoi bhratach fhairsing an téarma sin do cheantair cathracha na tíre ina labhraítear an Ghaeilge.

le Concubhar Ó LIatháin

0 Comments:

Post a Comment

<< Home