Ceist Mhór an Lae

8/01/2006

Cé a bhéiceas STOP le heaspa pleanála tithíochta?

Tá ceist chorrach seo na pleanála ag déanamh tinnis do go leor, agus ag cur oilc ar chuile thaobh den phobal. Tá dhá scoil smaointe ann, dhá champa agus iad in adharca a chéile. Airí de chuid an Tíogair Cheiltigh atá ann, gan dabht.
Ní raibh muid chomh buartha sin faoi phleanáil nuair nach raibh an olltógáil seo ar siúl. Ar dhóigh inteacht, is cosúil go raibh muid i bhfad níos sásta nuair a bhí muid uilig bocht.
Tá bailte anois i nDún na nGall atá báite i dtithe, agus an chuid is measa de na tithe sin, más fíor, na tithe saoire.
Samhlaigh Port na Bláiche, taobh le Dún Fionnachaidh agus trasna Chuan na gCaorach uaidh, na Dúnaibh. Sna bailte seo anois, tá an t-ainmfhocal ‘smál’ in úsáid, agus an aidiacht ‘truaillithe’ á ceangal leis an chur síos atá ar na háiteanna seo. Tá na bailte seo imithe as aithne ag na daoine a tógadh iontu, agus fás as cuimse tagtha ar an líon sin tithe iontu nach tithe na ndúchasach iad.
Tá ceist na pleanála chomh tábhachtach sin agus go bhfuil croíthe briste faoin dóigh a bhfuiltear a mhilleadh ár ndúiche agus an tírdhreach á éigniú ag daoine ón bhaile isteach, agus ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, ag comhairleoirí contae agus lucht cruthaithe reachtaíochta áitiúla, nach bhfuil sé de mhianach iontu nó de mhisneach acu tabhairt faoin cheist.
Thig cladhaireacht a chur i leith an té nach bhfuil sásta seasamh amach agus a rá go neamhbhalbh go bhfuil na ceantair seo scriosta, agus go bhfuil sé rómhall anois aon rud a dhéanamh leis an scéal a chur ina cheart. Ní thig na tithe a leagan, an dtig?
Cé go bhfuil sé rómhall do Phort na Bláiche agus do Phort an tSalainn – dhá áit atá luaite go sonrach ag Comhairle Contae Dhún na nGall, nach dtiocfaidh choíche chucu féin ón mhéid tithe saoire atá tógtha iontu i gcoibhneas thithe mhuintir na háite – an bhfuil sé rómhall don chuid eile againn?
I mo bhaile féin, Mín an Chladaigh, tá an méid is mó tógála á dhéanamh anois le cúpla bliain anuas agus a rinneadh le fada an lá, ach ar a laghad, is le muintir na háite na tithe sin, agus coinníollacha daingne leagtha síos a deir nach bhfuil cead na tithe a dhíol mar dhara theach cónaithe, agus go gcaithfidh dúchasaigh na háite maireachtáil iontu.
Cad faoi na daoine nach bhfuil sé d’acmhainn acu tithe a thógáil, nó suíomh tí a cheannach fiú?
Nár chóir glacadh leis gur cheart nádúrtha doshéanta é do shaoránach ar bith teach a bheith aige, agus áras buan cónaithe a bheith aige? Nach luíonn sin le ciall?
De réir mar atá luach na talún ag ardú, agus lucht ceantálaithe agus díolta talaimh ag déanamh a stóir agus ag méadú a rathúnais ar dhroim bhriste na mbocht, tá an tsochaí seo níos éagothroime anois ná mar a bhí riamh.
De réir mar atá daoine ag teacht ón bhaile isteach agus iad ag ceannach an talaimh agus na dtithe, agus an t-airgead acu chun na tailte a cheannach amach as faoi chosa mhuintir na háite, tá an scéal ag éirí níos dearóile.
Ní thig na tithe atá ann a leagadn, an dtig?
Ní thig sampla mhuintir na Breataine Bige agus na Corsaice a leanúint, agus iad a dhó, an dtig?
Chan ariamh anois go mbeinnse ag moladh gníomh mídhleathach a dhéanamh, ach is cinnte go bhfuil gníomh ag teastáil.
Mhair muid sa tír seo fada go leor faoi na tiarnaí gallda talún, agus anois tá an roth casta thart arís, go hiomlán.
Agus ní hamháin faoin tuath, ach muintir na mbailte móra, nach bhfuil sé ar a gcumas tithe a cheannach, nó a mbailte agus a muintir a fhágáil mar gheall ar an chíos ard.
Deir Airteagal 40, Mír 5 de Bhunreacht na hÉireann: “Is slán do gach saoránach a ionad cónaithe, agus ní cead dul isteach ann go foréigneach ach de réir dlí.”
Ach cad fúthu siúd nach bhfuil ionad cónaithe dá gcuid féin acu.
Tá cuid mhaith de Bhunreacht na hÉireann atá inmholta mar aidhmeanna, ach, faraor, aidhmeanna nach bhfuil an toil ann iad a chomhlíonadh agus a fhíorú.
Gan mianach agus misneach, gan gníomh ónár bpolaiteoirí agus gníomh i gcoinne na sainte, tá go leor de chlanna Gael agus pháistí náisiún na hÉireann nach féidir leo a rá go bhfuil an ceart daonna is simplí, is bunúsaí acu, is é sin baile dá gcuid féin.

le Dónall Mac Giolla Chóill

0 Comments:

Post a Comment

<< Home