Ceist Mhór an Lae

8/09/2006

Arbh fhiú an braon fola?

Ba é sin mar a chuirtí an cheist i ndíospóireachtaí Ollscoile m’óige, sna
blianta sin timpeall ar lár na seascaidí. I gcónaí riamh, ba é 1916 a bhí
idir chamáin againn, sinn uilig go deas compordach i ngarráin dhuilleogacha
acadúla. Bhínn féin agus Alan Titley de shíor ar thaobh an Éirí Amach -
b’fhiú, dar linne, gan cheist, an braon fola céanna. Ní gá dom scairt a chur
ar Alan inniu chun fírinne an dearbhaithe sin a sheiceáil – creidimid beirt
amhlaidh fós. Sé sin, murach 1916, ní thárlódh an Stát Ceannasach
Éireannach. Agus is fiú an stát sin ann féin, fiú agus an chríochdheighilt
fós ann. Lanstad.
Ar son na hargóna amháin a chuir a bhformhór mór díobh san inár gcoinne a
mhalairt tuairime in iúl. Ghlactaí mar airteagal forleathan creidimh sa
phobal é gur ‘rud maith’ a bhí i 1916. Nárbh as broinn na Cásca a shíolraigh
Fianna Fáil agus Fine Gael? Dar le bunaíocht pholaitiuil na Sé Chontae
Fichead nuair a bhí mise ag fás aníos, ‘ba rud maith é 1916, lánstad.’
Bhí comhthuiscint ann chomh maith, b’fhéidir nach raibh chomh forleathan
leis sin, a deir nárbh fhiú braonta fola an Chogaidh Chathartha ar aon
bhonn. Thit an Phoblacht, cailleadh an Phoblacht leathbhealach idir dhá stól
- an tAcht um Rialtas Éireann 1920 agus dearbhú daonlathach an Chonartha i
1922. Ba é sin mar a chreid teaghlaigh Fhine Gael, nárbh as dúinn beirt,
Alan ná mé féin.
Mar go dtáinig Fianna Fáil ar an bhfód i 1926 agus mar go ndeachaigh siad
isteach sa Dáil i 1927, ba é sin a chreid teaghlaigh Fhianna Fáil leis.
Más feidir liom nath cáiluil Seamus Mallon a athmhúnlú – ‘Fianna Fáil - An
Conradh Angla-Éireannach d’fhoghlaimeoiri malla’.
Cá bhfágann sin na braonta fola a doirteadh in ainm, nó ar son, nó de
dheasca na bhfeachtas míleata uilig chun an Phoblacht a bhaint amach ó
aimsir an Chogaidh Chathartha suas go dtí an lá atá inniu ann?
Agus ní sin an t-aon cheist amháin atá agam. Iarraim ar bhlagairí na cruinne
a mhíniú dom caidé an mhaitheas a tháinig as braonta fola na ndaoine seo a
leanas, roghnaithe, a bhformhór, ó bharr mo chinn agus gan aon ró-chúis gur
iad seo atá luaite agam seachas aon íobartach eile nach iad:
Arbh fhiú braonta fola An Bleachtaire Gharda a lámhaigh Tomás MacCurtáin;
braonta fola Barnes agus McCormack; Charlie Kerrins; éinne a thit in
‘Operation Harvest’, feachtas an IRA sna Caogaidí fán Teorainn? Leithéid
Seán Sabhat agus an Constábla Norman Anderson.
Mo cheist ná, cén ‘dearfacht’ a tháinig as braonta fola na ndaoine sin?
Caidé an ‘mhaitheas’ a tháinig as a mbás siúd? Ceisteanna móralta iad seo.
Ní ceisteanna polaitiúla iad.
Chuirfinn mo cheist ar bhealach eile leis. Abair go raibh deis agat labhairt
le hathair, nó le máthair, nó le bean chéile, deartháir, deirfiúr, mac,
iníon na marbh sin, agus go raibh ort tosú mar seo leanas:-
‘Bhí an ceart ag Tomás Mac Curtáin an bleachtaire a lamhach mar……
B’fhiú a bhás agus seo é an mhaitheas a tháinig as don phobal…………’
‘Bhí an ceart ag an IRA an Constábla Norman Anderson a lámhach mar...
B’fhiú a bhás agus seo é an mhaitheas a tháinig as don phobal…………’
‘B’fhiú braon fola Sheáin Sabhat mar………….
B’fhiú a bhás agus seo é an mhaitheas a tháinig as don phobal…………’
‘B’fhiú braon fola Bobby Sands mar……………
B’fhiú a bhás agus seo é an mhaitheas a tháinig as don phobal………….’
‘B’fhiú braon fola Denis Donaldson mar……….
B’fhiú a bhás agus seo é an mhaitheas a tháinig as don phobal……………’
Sé sin, éinne a maraíodh, nó a fuair bás, de bharr na gcoimhlintí
míleata/polaitiúla uilig ó bhunú an tSaor Stáit go dtí an lá atá inniu ann.
Cruthaigh dom gurbh fhiú a mbraonta fola agus a mbás, ar son……, ar son…., ar
son, ah…. ar son caidé, go díreach?
Mínigh dom. Bígí ag blagáil.
le Pat Butler

3 Comments:

Blogger aonghus said...

Thuig mé i gconaí gur bhain an nath úd leis an duine a bhí sásta a chuid fola fhéin a sileadh, seachas fuil daoine eile a shileadh.

Mar an gcéanna le "dulce et decorum est pro patria mori".

Ní deirtear gur milis an rud é marú ar son do thír. Ní hea.

Ní ceart d'aoinne a bheith sásta fuil duine eile a shileadh - éigean orthu féin atá ann, sin nó is dúnmharú ciontach atá ann.

Agus is faoin bhfear (nó bean) a ghlacann an gunna ina lámh a fágtar an cheist úd i gconaí.

Ghéill an bPiarsach toisc narbh fiú leis fuil cosmhuintir Bhleá Cliath a shileadh níos mó, in ainneoin go raibh sé cinnte go silfí a chuid fhéin dá bharr.

Is cuimhin liom léamh áit éigin gur scríobh André Malraux go mbíonn cogadh cóir ann, ach nach ann don airm chóir.

2:06 p.m.  
Anonymous Fearn said...

Tá a luach ar gach rud. Ach is i gcroí an duine atá mian a fhála. Is iomaí duine a dhíol an táille is mó ar a mhian, Íosa san áireamh

3:31 p.m.  
Anonymous Anonymous said...

An é atá á mhaíomh ag an údar anseo, sna 800 bliain ina raibh muintir na tíre seo ag lorg saoirse de chineál amháin nó eile ó Sheán Buí, nach raibh de cheart ag aon dream againn, aon ghlún againn fuil a dhoirteadh seachas an dream a raibh sé d'ádh orthu roinnt saoirse a bhaint amach i 1921?

Más ag caint go mórálta atá muid, tá an dá thaobh ann (ag brath ar cén dearcadh atá agat ar chúrsaí mórálta). Ar thaobh amháin, ní fiú an braon fola in am ar bith, is cuma cén maitheas. Sin seasamh mórálta amháin. Tá seasamh eile ar fad ann, gur beag is fiú braon fola an duine aonair nuair a chuirtear i gcomórtas leis an tsíoraíocht é, nó mar a dúirt Stalin, "Individuals are merely flotsam on the sea of history."

Ní ghlacaimse féin le ceachtar den dá sheasamh seo. Is cinnte, bás Bhobby Sands mar shampla...dá mba rud é go dteipfeadh ar chrógacht Bhobby ag an am sin, dá n-éireodh sé as an stailc ocrais agus an agóid agus an bua a bheith ag na Sasanaigh, go ndéanfadh sé an-dochar ag an am sin do chúis na hÉireann go hidirnáisiúnta agus go náisiúnta. Tá Bobby Sands níos tábhachtaí d'anam na náisiúntóirí sna Sé Chontae ná atá an Piarsach féin fiú, agus ní beag an meas atá againn ar an Phiarsach.

Tá sé de mhí-ádh ar chuid againn a bheith ag troid agus ag fáil bháis i bhfeachtais nach n-éiríonn leo sa deireadh thiar thall, ar bhealach ar bith, (mar shampla Seán Sabhat). Ach sin an saol, agus caithfidh muid meas a bheith againn ar gach duine a dhéanann iarracht mhaith an tír seo a shaorú. In amannaí, caithfidh muid an fód a sheasamh, agus is fiú in amannaí bás a fháil... má shíleann éinne nach bhfuil baint ar bith idir dhul chun cinn an phobail náisiúnaigh sna 6 chontae agus an stailc ocrais, mar shampla, tá dul amú orthu.

Ach, má chaithfidh duine ceist a chur "mínigh dom cén fáth, nó ar son caidé?" bhal, is fearr don duine sin a bheith ag blagadóireacht agus an troid a fhágáil ag daoine a bhfuil spiorad iontu, díreach mar a tharla i 1919 agus 1921 (mar gur beag duine i ndáiríribh a bhí páirteach sa chath).

5:36 p.m.  

Post a Comment

<< Home