Ceist Mhór an Lae

7/27/2006

Cén deireadh a bheidh ar an gcogadh mímhorálta seo?

Mí Márta 1988, cúig mhí isteach sa Chéad Intifada, thug foireann ‘Today Tonight’ seáp isteach sa Phailistín, nó chun go mbeinn iomlán ceartchreidmheach faoi, isteach i gCríocha Gafa na bPailistíneach ar an mBruach Thiar is i nGaza. Gafa, go mí-dhleathach, de réir gnáis an Dlí Idirnáisiúnta, ag Fórsaí Impireachta Eretz Iosrael.
Ná cuir do chuid ama amú ag gearrán gur thráchtas frith-Sheimiteach é seo. Frith-Shíonach, gan dabht. Ach abair liom, cé nach bhfuil in aghaidh an fhaisisteachais reiligiúnda náisiúnaigh? Cuma cén cruth nó friotal a ghlacann sé chuige féin, nó pé brat atá ar foluain os cionn a thaibearnacail, nó pé Dia a adhratar ag a lucht leanúna?
Ní gá duinn taisteal as baile in aon chor chun samplaí dúchasacha a aimsiú, ach sin obair ‘Cheist an Lae’ eile.
Creid nó ná creid, is Seimitigh iad na Pailistínigh chomh maith. Ní scríobh frith-Ghiúdach ach oiread atá idir lámha anseo agam. Tá mionlach suntasach Ghiúdach laistigh d’Iosrael, agus lasmuigh, nach dtagann le Síonachas ach oiread.
Mionlach suntasach a aithníonn gur Dialathas Míleata í Iosrael, agus nach daonlathas í ach dóibhsean amháin iad gur Giúdaigh iad. Déarfaidh mé sin arís. Ní daonlathas, mar a thuigtear an téarma sin, í Iosrael ach do Ghiúdaigh amháin. Sea, tá an vóta ag daoine nach Giúdaigh iad. Ach níl na cearta céanna acu.
Ní daonlathas iolrach í aon stát a thugann cearta fáltais do shaoránaigh Ghiúdacha thar chearta fáltais dhúchasaigh eile.
Dá rachainn leis an chreideamh Ghiúdach, ghlacfadh Príomh Rabbi na hÉireann isteach sa chreideamh sin mé. Dá n-imeoinn ansin ar an mbád bán go Iosrael, bheinn i dteideal teach agus talamh d’fháil ar an mBruach Thiar. Teach agus talamh ar le Pailistínigh iad.
An daonlathas siabhialta sa bhrí a thuigtear go ginearálta é, an ‘daonlathas’ a dhleathaíonn a leithéid de chiníochas, nó seicteachas - nílim cinte cé acu téarma is fearr a fheileann dá leithéid sin éagóra.
Pé scéal é, agus mise i nGaza agus ar an mBruach Thiar ocht mbliana déag ó shin, is iomaí uafás in aghaidh na daonnachta a d’imir Iosrael ar a gcolcheathracha Pailistíneacha inár bhfianaise.
Géaga na shebab á mbriseadh go fuarchúiseach ag saighdiúirí Eretz Iosrael. Eisíodh an séanadh bréige oifigiuil. Ansin taispeánadh an beart beo ar theilifís.
‘We beat them, and send them back to their communities,’ arsa an Ghinearál Mitzna ag an am.
An tráth sin, Mí Márta 1988, bhí idir seasca agus céad corp Pailistíneach curtha, mar gur minic a throid Iosrael clocha na bPailistíneach le lón chogaidh bheo.
Tá sé deacair anois a chreidiúint, ach tá sé tábhachtach go meabhróimís dúinn féin, nár maraíodh oiread agus Iosraelach amháin sna caismirtí sráide don bpointe sin, agus go ceann tamaill fhada ina dhiaidh. Má bhí gunnaí agus buamaí ag na Pailistínigh (agus bhí), ní rabhadar in úsaid acu.
Ní raibh ach tacaíocht fá bhun an 5% ag Hamas ag an am sin. Éirí Amach iomlán tuata a bhí sa Chéad Intefada.
‘Nílimíd chun labhairt riamh leis an PLO’, a dúirt Chaim Herzog, (Éireannach), Uachtarán Iosrael linn, ‘mar gur dream sceimhlitheoirí iad.’ Le gach ar thit amach idir an dá linn, arbh é sin an rogha ceart, ná an rogha ciallmhar ag an am?
Thángas féin ar an dtuairim le linn na cuairte sin go raibh iompar Stáit Iosrael titithe fá bhun líne na móráltachta siabhialta. Sé sin, go raibh galar spioradálta ar Iosrael, tar éis di bancbhris mhórálta a imirt uirthi féin.
Inniu, agus seo á scríobh agam, tá cogadh mídhleathach á fhearadh ag Arm Impiriúil Eretz Iosrael in aghaidh phobal na Líobáine. Tá tacaíocht, intuigthe ar a laghad, munar tacaíocht ghníomhach é, na Stát Aontaithe agus na Breataine aici. Tá an dá chumhacht sin ag ligean do Iosrael an rud ar a dtugann sí féin ‘fíricí ar an dtalamh’ a bhuanú go ceann cúpla seachtain eile. Ansin cuirfear sos comhraic ‘onórach’ i bhfeidhm.
Feictear do Mhoslamaigh go bhfuil na gadhair fiaidh ‘ionaid’ ar an dtalamh ag na Meiriceánaigh agus na Breatanaigh chun an jab a dhéanamh ar a son.
Tá an ceart acu. Sin atá ar siúl.
Agus má bhí aon dabht in aon chor fágtha go raibh Meiriceá agus an Bhreatain, araon agus le chéile i gcás an Mheán Oirthear le linn réimeas Bush agus Blair, titithe, ar shála Iosrael, fá bhun líne na móraltachta siabhialta, tá gach scáil den dabht sin imithe anois.
Is baolach go n-íocfar go daor as seo.

Le Pat Butler

1 Comments:

Anonymous Fearn said...

"cogadh mímhorálta"? Bhfuil tú a mhaíomh go bhfuil cogadh morálta ann.

Seo an cheist mhór:
Náisiúnstát a thabhairt don chine Iúdach, é ina neart faoi shíocháin, agus Náisiúnstát a thabhairt don Phalaistíneach, é ina neart faoi shíocháin.

Seo an réiteach agam:
Iosrael a shuíomh i Nua Eabhrach.
Ní chuireach sé isteach ar Phailistíneach, Arabach ná Mhuslamach. Is cathair mhór Iúdach cheana Nua Eabhrach. Is cara cheana SAM do Iosrael agus tacaíonn sé go praiticiúil le gach polasaí Iosraelach. Is tír mhór SAM. Beidh áit le dul ag éinne nach mian leis maireachtáil i stát reiligiúnach. Is fearr leis an Iosraelach an chathair ná an gaineamhach.
Beidh síocháin ann cion is nach bhfuil díol gearáin ag éinne.

1:31 p.m.  

Post a Comment

<< Home