Ceist Mhór an Lae

7/24/2006

Ceist Mhór an Lae

Inniu a chuireann Lá tús le gnéshraith úr. Ní sraith úr choitianta é seo nó séard atá i gceist, deis eile a thabhairt do léitheoirí an nuachtáin a bheith páirteach linn san obair cheannródaíoch seo.
I ngach eagrán de Lá as seo amach, cíorfar 'Ceist Mór an Lae' in alt cuimsitheach is spreagúil. Scríbhneoirí Lá agus eile a bheidh ag cur na gceisteanna seo - ach beidh deis fosta agaibhse, a léitheoirí, ábhar a chur ar fáil freisin.
Foilseofar an t-alt seo ar shuíomh idirlín ar leith, suíomh blagadóireachta a dhéanfar a sheoladh an tseachtain seo, agus tabharfar cuireadh do léitheoirí a dtuairimí a nochtadh freisin ar an suíomh. Foilseofar togha agus rogha na bhfreagraí i Lá.
Má tá ceist agatsa ar mhaith leat go ndéanfaí cíoradh air, is feidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag eolas@nuacht.com agus “Ceist Mhór an Lae" a bheith luaite i dteideal an ríomh phoist.

1 Comments:

Blogger Cionaodh said...

Do scríobh Concubhar Ó Liatháin ar http://aduaidh.blogspot.com:

Conas ar eirigh leat troscan an suimh seo a fhail i nGaeilge? Taim craite mar nach feidir liom nithe ar nós 'freagraí' is eile a fhail i nGaeilge ar mo shuiomh féin, atá díreach tagtha ar an saol, ceistmhor.blogspot.com

Téigh isteach i do "Template" i mBlogger, agus aistrigh gach focal i mBéarla. Ansan, Sábháil é. Sin é!

4:06 p.m.  

Post a Comment

<< Home