Ceist Mhór an Lae

7/24/2006

Cad is féidir linne, Éireannaigh, a dhéanamh chun stad a chur leis an slad sa Mheánoirthear?

B’iontach an rud é dá gcuirfí i bhfeidhm moladh Aodhán Ó Ríordáin, leas-Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, go ndéanfaí an phríomhchathair a chúpláil le Beirut.
Nó tá tábhacht le rudaí siombalacha in amanna.
Agus bheadh brí agus tábhacht mhór leis dá ndéanfaí an ceangal soiléir seo idir Éirinn agus an Liobáin ag an am seo.
Agus is léir go mbeadh a leithéid i dtiúin le tuairim phobal na hÉireann.
Ní thacaíonn ach mionchéatadán de phobal na tíre seo le sceimhle Iosrael ar an Liobáin.
Ná le sceimhle Iosrael i gcoinne na bPalaistíneach, nó tá an sceimhle sin mar chúlbhrat do gach rud eile a thiteann amach sa Mheánoirthear.
Is cogadh de rogha agus ní cogadh de riachtanas é ionsaí Iosrael ar an Liobáin.
Coicís ó shin, bhí rogha ag Iosrael gníomh slándála ar scála beag a dhéanamh i gcoinne Hizbollah agus ansin brú idirnáisiúnta a úsáid chun a gcuid saighdiúirí gafa a fháil ar ais.
Ina áit sin, shocraigh Iosrael ar chogadh a fhearadh ar phobal na Liobáine.
Ní thiocfadh le hIosrael Hizbollah a bhualadh 10 lá ó shin.
Seachas fanacht mar sin agus dul a lorg an fhaill Hizbollah a bhualadh am eile amach anseo, shocraigh Iosrael díoltas a imirt ar shibhialtaigh na Liobáine.
Díreach mar atá Iosrael ag déanamh le cuimhne na gcat i Gaza, ag gearradh pionóis ar “phobal na sceimhle”.
Óna F16, déanta in Seattle is in Chicago, theilg píolótaí Iosrael na tonna de diúracáin scun scan ar “thargaidí” dlisteanacha.
Buillí ‘glanchruinn’, dar le rialtas Tel Aviv.
Buillí a sciob ón domhan seo páistí ‘na sceimhle’ agus iad ina gcodladh i gcliabhán le linn na hoíche i Tyre.
Rinne na F16, lena mbuamaí déanta in Minnesota agus in Dallas, rinne siad smidiríní de mhná tí ‘na sceimhle’ ag ní a gcuid éadaí i ndeisceart Beirut.
Agus in Sidon, is san iliomad baile beag fud fad na Liobáine, glanadh ón saol seo clanna ‘na sceimhle’ a bhí ag teitheadh ina gcarranna agus ina veain seanaimseartha roimh scrios na nIosraelach.
Targaidí na sceimhle - mar dhea.
400 sibhialtach neamhurchóideach, daoine a mhúscail deich lá ó shin agus a chaith a lá deireanach ar an saol seo i gcuideachta a gcairde is a ngaolta is a bpobal.
Gan fios acu go mbeadh siad curtha i gcré rua na Liobáine roimh dheireadh na seachtaine.
Agus tá an liosta targaidí ag leathnú i rith an ama.
An teach solais i gcuan Beirut, cuid lárnach de mhogalra na sceimhle de réir dealraimh.
Stáisiúin díol artóla, ginitheoirí aibhléise, monarchana, othaircharranna, busanna, moscanna, crainn aibhléise is crainn gutháin, agus liosta fada de rudaí a thugann muidne riachantais an tsaoil orthu.
Bonneagar na sceimhle a thugann Iosrael orthu.
Agus cá mhéad ball de Hizbollah a mharaigh Iosrael sna ruathair aeir seo?
Ní fios gur mharaigh siad duine ar bith de chuid Hizbollah.
Ach is eol dúinn go cinnte gur mharaigh siad páistí, mná agus sibhialtaigh nach ndearna aon rud i gcoinne Iosrael ná tír ar bith eile.
Sa deireadh, tá Iosrael ag fógairt cogaidh ní ar Hizbollah ach ar shibhialtaigh na Liobáine.
Coir millteanach é sin oiread agus gur coir ag Hizbollah é a bheith ag targaidiú sibhialtach.
Agus ní dhéanfaidh an slad seo ar shibhialtaigh maitheas dá laghad d’Iosrael ná dá shábháilteacht.
Níl Iosrael saor ó ionsaithe Hizbollah mar gheall ar a slad deich lá.
80 diúracán Hizbollah a thit ar Iosrael i dtréimhse cúpla uair an chloig inné - oiread agus a thit ar chéad lá ionsaithe Hizbollah.
Cá mhéad lá atá de dhíth chun Hizbollah a stop? Cá mhéad corp Liobánach?
Agus ainneoin a gcuid cainte ar fad is beag baol go scriosfaidh Iosrael Hizbollah ná a gcumas marfach.
Seachas a bheith ag éascú an róid i dtreo na síochána, tá Iosrael ag lagú fórsaí na measarthacha sa domhan Arabach agus ag treisiú fórsaí na n-antoisceach.
Níl aon difear idir an phian a mhothaíonn gnáthIosraelaigh agus iad á marú in ionsaithe de chuid Hizbollah agus an phian a mhothaíonn gnáthLiobánach nó gnáthPhalaistíneach.
An tAire Gnóthaí Eachtracha Dermot Ahern a thug guth do sin sa ráiteas a rinne sé ar 18 Iúil.
Agus buíochas do Dhia as a ráiteas agus a sheasamh. Chuir a chaint agus seasamh an rialtais spás mór idir muid agus Tony Blair.
Sos cogaidh an túsphointe dar le rialtas na hÉireann agus seo saoránach amháin atá céad faoin gcéad leis an rialtas ar an cheist seo.

Eoghan Ó Néill

1 Comments:

Anonymous EÓR said...

Is beag gur féidir linn a dhéanamh gan amhras ach seasamh mar thír beag, (agus tá Iosráil agus an Liobáin beag leis)agus labhairt amach i gcoinne cogadh i gcónaí is cuma cá bhfuil sé.
An rud is measa faoin cogadh seo ná an easpa dhóchas ar an dá thaobh.
Is féidir Éire a bheith mar solas sa ndorachadas dóibh agus bheith ann dóibh agus gan a bheith ciúin.

7:44 a.m.  

Post a Comment

<< Home