Ceist Mhór an Lae

7/25/2006

Cé a shlánóidh an Ghaeilge sa Ghaeltacht?

“Ní raibh sé ina fait accompli chomh mór is a cheap tú a bheadh,” a dúirt an Príomh-fheidhmeannach. “Ní raibh ...baileach” a d’fhreagair mé féin. Bhí sé fós ag caint liom, pé scéal é, tar éis an t-alt a scríobh mé, Déardaoin seo caite, maidir le cruinniu faoi Gné na Gaeilge sa Phróiseas Pleanála i gConamara agus an teoiric a bhí agam go raibh an rud ar fad socraithe roimh ré.
Bhí an-chiall sna moltaí a rinne Pádraig Ó hAoláin ar an Spidéal maidir leis na hathruithe atá beartaithe ag Comhairleoirí Chonamara ar Phlean Forbartha an Chontae.
An chéad mholadh a rinne sé go n-iarrfaí ar an Aire Ó Cuív agus an tAire Comhshaoil, tionól a eagrú le bainisteoirí agus pleanálaithe sinsearacha na gComhairlí Contae a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram – le theacht ar chur chuige comónta maidir le cur i bhfeidhm ‘Gné na Gaeilge sa Phróiseas Pleanála’, mar atá i gceist san Acht Pleanála 2000.
An dara moladh a rinne sé ná go gcuirfí síneadh leis an gclár ama atá ag Comhairle Contae na Gaillimhe maidir leis an dréachtphlean forbartha. Leis sin, bhunófaí grúpa oibre le breis plé agus comhairliúchán pobail a dhéanamh maidir leis na hathruithe atá curtha chun cinn. Mhol sé go dtabharfaí saineolaí teanga ar bord le tacú leis an phróiseas seo.
An tríú moladh a rinne sé ná go dtarraingeofaí siar an t-athrú atá dréachtaithe go dtí go mbeadh an próiseas comhairliúcháin críochnaithe. Moltaí ciallmhara stuama, measadh.
Tá mé réasúnta cinnte go raibh na moltaí pléite leis an Aire roimh ré.
Níor tháinig seisean amach le ráiteas soiléir ag tacú leo, ach bhí sé thar a bheith suntasach nár thacaigh sé go hoscailte le moltaí na gComhairleoirí ach oiread. Chuir sé in iúl nach é seo an réimse freagrachta aige féin – gur cinneadh do na Comhairleoirí é seo. Thug sé le fios, ar bhealach indíreach, polaitiúil, go raibh sé i bhfabhar fhorálacha an Acht Pleanála 2000 maidir le ‘Gné na Gaeilge’, agus labhair sé timpeall ar rudaí éagsúla a d’fhéadfaí a dhéanamh maidir le sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach sna Comhairlí Contae. Níor luaigh sé gur cheart tagairt sonrach don Ghaeilge a choinneáil. Bhí mé ceart faoin méid sin.
Bhí deis ag na ‘hionadaithe pobail’ a gcuid a rá ansin. Níor thacaigh oiread agus duine amháin acu le moltaí na gComhairleoirí Contae. Bhí siad an-bhuartha faoi na hathruithe atá molta agus an tionchar a bheadh acu ar na ceantair gurbh as iad. Thacaigh siad go mór le moltaí an Phríomhfheidhmeannaigh. Bhi an fait accompli ar ais ar thraic, shíl mé. Sin go dtí gur labhair na Comhairleoirí féin.
Bhí cúigear acu i láthair. Thriail Seosamh Ó Cuaig muid a mhealladh leis an dearcadh atá aige féin – sin go bhfuil ceantracha ar nos Iorras Aithneach bánaithe agus caithfear cur in aghaidh aon cheo a stopfadh oiread agus duine amháin ag teacht chun cónaí ann – fiú an coinníoll teanga. Ní aontaím leis an loighic sin. Ní fheicim go mbeadh meath na tuaithe seachanta againn ach an coinníoll teanga a fhágáil as an Phlean Contae reatha.
Sí Connie Ní Fhátharta an polaiteoir is faide tofa atá i gConamara, mar a dúirt sí féin – go neamhbhalbh (níl a fhios agam ar mhaithe linne bhí sí nó á mheabhrú don Aire!). Tá a cuid daoine féin aici siúd le dul i gcomhairle leo, nach raibh sa seomra, Deardaoin seo caite, agus déanfaidh sise a hintinn féin suas faoi seo, a dúirt sí go stuacánta linn.
Tá Seán Ó Tuairisc bocht trína chéile. Is duine neamhurchóideach é, shílfeá, a shiúil isteach san aighneas seo gan smaoineamh. Anois, tá sé ar a mhíle dícheall ag iarraidh gach duine a shásamh, ach ní cosúil go bhfuil a fhios aige cá gcasfaidh sé.
Tá Séamus Walsh bocht thar a bheith measctha suas freisin. Coinníonn sé ag labhairt faoi thithe aonair, inimircigh, scoileanna atá ag dúnadh is araile gan aon cheangal a dhéanamh eatarthu sin agus na hathruithe a bhfuil sé ag troid chomh láidir ar a son. D’fhan Tom Welby ina thost.
Inniú an ‘G-Lá’. Caithfear na moltaí atá acu a chur sa bplean nó a fhágáil as. Dhéanfadh sé ciall iad a fhágáil as go fóill – le go mbeadh a thuilleadh plé ann, i gcomhthéacs an staidéar ar na limistéir Ghaeltachta agus a bhfuil de cheisteanna eile ardaithe ag an díospóireacht chuige seo. Is cosúil go raibh cruinniú ag Comhairleoirí Chonamara lena stráitéis a aontú inné.
Bhí na Comhairleoirí trodach toirniúil, an tseachtain seo caite. Níor thaitin sé leo go rabhthas ag ceistiú a gcuid údaráis. Má fhanann Ó Cuaig, Ní Fhátharta agus Walsh ar an bport a bhíodar ag seinm, leanfaidh Ó Tuairisg agus an chuid eile iad. Má dhéantar sin, ardóidh sé ceisteanna maidir leis an daonlathas, cur i bhfeidhm agus stádas bunreachtúil an phlean forbartha. Beidh ceisteanna le plé maidir le forlámhas fhorálacha an Acht Pleanála agus moltaí an Bhord Pleanála i dtaca leo sin. Is botún ollmhór a bheadh ann, sílim.
Bhí na comhairleoirí ceart faoi rud eile, áfach – tá siad tofa go daonlathach ag an bpobal. Téann freagracht leis sin. Beidh a bhformhór á gcur féin os comhair an phobail arís, is dócha. Muna dtabharfar deis plé agus díospóireachta ar an gceist seo, b’fhéidir nach gcuirfí leath an oiread fáilte rompu ag na doirse, an chéad uair eile.
Ar deireadh thiar, ba mhaith liom a rá le Pádraig Ó hAoláin, go poiblí agus go hoifigiúil, go bhfuil brón orm. Ní faoin méid a scríobh mé, an tseachtain seo caite, ach faoi nár ghlac na comhairleoirí lena chuid moltaí ag an gcruinniú. Ba rí-chosúil go raibh móramh ina bhfabhar – murach gur chuir na comhairleoirí bac ar vóta a ghlacadh fúthu.

Trevor Ó Clochartaigh

1 Comments:

Anonymous mike walsh said...

Tá na Comhairleoirí i gConamara ar nós
Cumann Lúthchleas Gael.Sásaigh gach duine ach ag deireadh an lae ní bheidh conspóid ar bith réitithe.Ní bheidh aon réiteach go mbeidh an daonra Gaeilgeoirí an-íseal ar fad agus ansin déanfar chuile iarracht "an t-othar a choinneál beo" fiú más ar an measaín a bheas an créatúr bocht

5:06 p.m.  

Post a Comment

<< Home