Ceist Mhór an Lae

8/09/2006

Arbh fhiú an braon fola?

Ba é sin mar a chuirtí an cheist i ndíospóireachtaí Ollscoile m’óige, sna
blianta sin timpeall ar lár na seascaidí. I gcónaí riamh, ba é 1916 a bhí
idir chamáin againn, sinn uilig go deas compordach i ngarráin dhuilleogacha
acadúla. Bhínn féin agus Alan Titley de shíor ar thaobh an Éirí Amach -
b’fhiú, dar linne, gan cheist, an braon fola céanna. Ní gá dom scairt a chur
ar Alan inniu chun fírinne an dearbhaithe sin a sheiceáil – creidimid beirt
amhlaidh fós. Sé sin, murach 1916, ní thárlódh an Stát Ceannasach
Éireannach. Agus is fiú an stát sin ann féin, fiú agus an chríochdheighilt
fós ann. Lanstad.
Ar son na hargóna amháin a chuir a bhformhór mór díobh san inár gcoinne a
mhalairt tuairime in iúl. Ghlactaí mar airteagal forleathan creidimh sa
phobal é gur ‘rud maith’ a bhí i 1916. Nárbh as broinn na Cásca a shíolraigh
Fianna Fáil agus Fine Gael? Dar le bunaíocht pholaitiuil na Sé Chontae
Fichead nuair a bhí mise ag fás aníos, ‘ba rud maith é 1916, lánstad.’
Bhí comhthuiscint ann chomh maith, b’fhéidir nach raibh chomh forleathan
leis sin, a deir nárbh fhiú braonta fola an Chogaidh Chathartha ar aon
bhonn. Thit an Phoblacht, cailleadh an Phoblacht leathbhealach idir dhá stól
- an tAcht um Rialtas Éireann 1920 agus dearbhú daonlathach an Chonartha i
1922. Ba é sin mar a chreid teaghlaigh Fhine Gael, nárbh as dúinn beirt,
Alan ná mé féin.
Mar go dtáinig Fianna Fáil ar an bhfód i 1926 agus mar go ndeachaigh siad
isteach sa Dáil i 1927, ba é sin a chreid teaghlaigh Fhianna Fáil leis.
Más feidir liom nath cáiluil Seamus Mallon a athmhúnlú – ‘Fianna Fáil - An
Conradh Angla-Éireannach d’fhoghlaimeoiri malla’.
Cá bhfágann sin na braonta fola a doirteadh in ainm, nó ar son, nó de
dheasca na bhfeachtas míleata uilig chun an Phoblacht a bhaint amach ó
aimsir an Chogaidh Chathartha suas go dtí an lá atá inniu ann?
Agus ní sin an t-aon cheist amháin atá agam. Iarraim ar bhlagairí na cruinne
a mhíniú dom caidé an mhaitheas a tháinig as braonta fola na ndaoine seo a
leanas, roghnaithe, a bhformhór, ó bharr mo chinn agus gan aon ró-chúis gur
iad seo atá luaite agam seachas aon íobartach eile nach iad:
Arbh fhiú braonta fola An Bleachtaire Gharda a lámhaigh Tomás MacCurtáin;
braonta fola Barnes agus McCormack; Charlie Kerrins; éinne a thit in
‘Operation Harvest’, feachtas an IRA sna Caogaidí fán Teorainn? Leithéid
Seán Sabhat agus an Constábla Norman Anderson.
Mo cheist ná, cén ‘dearfacht’ a tháinig as braonta fola na ndaoine sin?
Caidé an ‘mhaitheas’ a tháinig as a mbás siúd? Ceisteanna móralta iad seo.
Ní ceisteanna polaitiúla iad.
Chuirfinn mo cheist ar bhealach eile leis. Abair go raibh deis agat labhairt
le hathair, nó le máthair, nó le bean chéile, deartháir, deirfiúr, mac,
iníon na marbh sin, agus go raibh ort tosú mar seo leanas:-
‘Bhí an ceart ag Tomás Mac Curtáin an bleachtaire a lamhach mar……
B’fhiú a bhás agus seo é an mhaitheas a tháinig as don phobal…………’
‘Bhí an ceart ag an IRA an Constábla Norman Anderson a lámhach mar...
B’fhiú a bhás agus seo é an mhaitheas a tháinig as don phobal…………’
‘B’fhiú braon fola Sheáin Sabhat mar………….
B’fhiú a bhás agus seo é an mhaitheas a tháinig as don phobal…………’
‘B’fhiú braon fola Bobby Sands mar……………
B’fhiú a bhás agus seo é an mhaitheas a tháinig as don phobal………….’
‘B’fhiú braon fola Denis Donaldson mar……….
B’fhiú a bhás agus seo é an mhaitheas a tháinig as don phobal……………’
Sé sin, éinne a maraíodh, nó a fuair bás, de bharr na gcoimhlintí
míleata/polaitiúla uilig ó bhunú an tSaor Stáit go dtí an lá atá inniu ann.
Cruthaigh dom gurbh fhiú a mbraonta fola agus a mbás, ar son……, ar son…., ar
son, ah…. ar son caidé, go díreach?
Mínigh dom. Bígí ag blagáil.
le Pat Butler

8/08/2006

Cad is ‘Gaeltacht’ ann ag tús an 21ú aois?

Agus é ag caint le linn díospóireachta ar Sheó Beo an tSathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Donncha Ó hÉallaithe, gníomhaí teanga agus léachtóir staitisticí, nach raibh aon cheist gur cheart go mbeadh stádas Gaeltachta ag ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht traidisiúnta.
Dar leis gur ghadaíocht a bheadh ann dá mba rud é go ndearna daoine atá ag cur fúthu sna cathracha, go h-áirithe iarthar Bhéal Feirste, iarracht ar Ghaeltacht a thabhairt orthu féin nó bhainfeadh sé sin ó chiall agus ó bhrí an fhocail a thagraíonn, dar leis, do na ceantair ina raibh an Ghaeilge á labhairt mar theanga phobail ar feadh na nglúnta siar.
Bhí sé ag tabhairt freagra ar cheist ó Chiarán Ó Pronntaigh, iar-eagarthóir ar an nuachtán seo, ag fiafraí ar cheart stádas oifigiúil de shórt éigin, agus luaigh sé ‘Gaeltacht uirbeach’ mar shampla amháin, a bhronnadh ar na pobail sin i gcathracha na tíre ina raibh an Ghaeilge á labhairt: Béal Feirste, Doire, Baile Átha Cliath, Port Láirge (in ainneoin bheart an Fhorais deireadh a chur le Port Láirge Le Gaolainn), Gaillimh agus Corcaigh.
Ní dócha go raibh an freagra a thug an gníomhaí teanga atá lonnaithe i gConamara chomh spleodrach leis an bhfreagra a tugadh do Ghalileo nuair a dúirt seisean os ard nach raibh an domhan cothrom ach go raibh sé cruinn - ach, ag éisteacht dom le RTÉ RnaG i mBéal Feirste, shamhlaigh mé go raibh an dá aisfhreagra ar an scála céanna.
B’ionann an cheist, is cosúil, agus eiriceacht.
Ach ní chiallaíonn an t-aisfhreagra ón ghníomhaí teanga seo, atá tar éis tionscal anailíse a chur ar bun le bás Gaeltachtaí a fhógairt go tráth rialta i leathanaigh Foinse, nach bhfuil stádas Gaeltachta de shórt éigin tuillte ag na Gaeltachtaí cathracha. Tá níos mó ná matamaitic le cur san áireamh leis an gceist casta seo
Tá sé in am smaoineamh in athuair ar céard is Gaeltacht ann?
Seo é an 21ú Aois, nach é?
Nuair a bunaíodh TnaG ar dtús, shamhlaigh pobal na Gaeltachta gur Teilifís na Gaeltachta a bhí i gceist agus mheas pobal na Gaeilge gur Theilifiís na Gaeilge a bhí ann. Tá daoine ann a deir nach bhfreastalaíonn sé ar cheachtar den dá trá, gur teilifís a tharlaíonn di a bheith i nGaeilge agus sin é.
An fáth gur tharraing mé aníos an pointe sin go léiríonn sé deighilt inmheánach i saol na Gaeilge, deighilt a chothaíonn go leor teannais.
Agus is deighilt í a leanfaidh agus a fhásfaidh a fhad is a bhíonn leithéid Donncha Ó hÉallaithe ag moladh breis faoiseamh cánach is deontais tithíochta méadaithe do cheantair Ghaeltachta chun dul i ngleic le fás daonra nach bhfuil inchurtha leis an bhfás daonra i gceantair uirbeacha.
Nó níl faic a chothaíonn teannas a oiread is buntáistí breise arís a thabhairt do dhreamanna a bhfuil go leor buntáistí acu cheana féin as a bheith ag cur fúthu i gceantair Ghaeltachta ach gan iad a bheith ag baint úsáide as an teanga.
Caithfidh go bhfuil, sa bhliain seo 2006, bealach níos éifeachtaí agus níos cothroime leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di.
Dearmad a bhí ann i gcónaí deontais a thabhairt do dhaoine as an Ghaeilge a labhairt ar chúinsí tír-eolaíochta amháin. Botún a bhí ann nó bhí sé ró-éasca calaois a dhéanamh. Agus rinneadh calaois, agus fuair daoine airgead ón stat as an Ghaeilge a labhairt nár bhain úsáid aisti ar bhonn laethúil ar chor ar bith. Bhí sí acu - agus cé a chuirfeadh an locht orthu gan í a úsáid nó gach áit a rabhadar, bhí an Béarla á bhrú orthu agus de réir a chéile b’fhusa acu an teanga sin a úsáid.
Sna cathracha, in áiteanna ar nós iarthar Bhéal Feirste, tá daoine ann ar a dtugann Donncha Ó hÉallaithe ‘tír ghráthóirí’ agus ‘teanga ghráthóirí’ agus é, is dóigh liom, ag iarraidh a stádas mar phobal Gaelach a ísliú. Aontaíonn sé gur cheart dóibh stádas éigin a bheith acu chomh fada agus nach smálaítear ‘Gaeltacht’ le bheith luaite leo.
Ní hé Ó hÉallaithe amháin a bhíonn ag gabháil den chineál seo ‘idirdhealaithe’ nó chualamar caint níos luaithe i mbliana ar Ghuerla is ar Fheirstis ó Thomás Mac Siomóin, a deir go bhfuil ard- mheas aige do Ghaeilge na cathrach, Béal Feirste ach go háirithe, agus anuraidh chualamar baothchaint Mháire Killoran faoin droch mheas a bhí aici siúd ar chaighdeán Gaeilge in áiteanna ar nós Béal Feirste Thiar agus sna Gaelscoileanna.
Nuair nach bhfuil ann ach focal, an focal ‘Gaeltacht, an fiú a bheith ag argóint faoi? Nach bhféadfaí ainm eile a thabhairt ar an Ghaeltacht uirbeach nó, mar a duirt Shakespeare: “A rose by any other name would smell as sweet”.
I mBéal Feirste faoi láthair - agus beidh díospóireacht phoiblí ar an ábhar i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich tráthnóna amárach ag 5.30in - tá iarrachtaí ar bun chun Ceathrú Gaeltachta a bhunú.
Páirteach sa díospóireacht sin, agus is nuacht ann féin é seo, beidh urlabhraí cultúir an DUP, Nelson McCausland. Dea-chomhartha é go bhfuil sé páirteach sa díospóireacht nó léiríonn sé go bhfuil an DUP ag smaoineamh ar an gceist seo, ag leibhéal áirithe taobh istigh den pháirtí pé scéal é, agus go n-áiríonn siad go bhfuil tábhacht ag baint leis an cheist.
Gan focail a chur ina bhéal, os rud é go bhfuil an cheist seo pléite agam leis an Uasal McCausland uair nó dhó roimhe, glacaim leis gurb é an constaic is mó a bheidh á lua ag an gComhairleoir leis an moladh atá ann Ceathrú Gaeltachta a bhunú in iarthar Bhéal Feirste nach bhfuil sé de cheart ag Rialtas an tSaor Stáit stádas mar sin a bhronnadh ar cheantar atá ‘taobh amuigh de dhlínse oifigiúil an Stáit’.
Fágaimís an ‘cheist mhór eile’, ceist na ndlínsí is eile, gan freagra ar feadh nóiméid. Nach bhfuil sé suntasach go mbeadh an DUP agus leithéid Donncha Ó hÉallaithe ar aon taobh ar cheist a bhaineann leis an nGaeilge, bíodh is go bhfuil sé ar chúinsí éagsúla?
Tá sé suntasach go bhfuil an DUP ag glacadh páirte sa díospóireacht seo nó, mar a dúirt mé, léiríonn sé go bhfuil an páirtí ag smaoineamh ar an gceist ar bhealach nach bhfuil pairtithe an deiscirt ag smaoineamh uirthi.
Bhí tuar dóchais anuraidh go raibh Fianna Fáil ag smaoineamh ar an gceist seo nó roghnaigh siad iarrthóir le seasamh i gceantar Gaeltachta Chathair na Gaillimhe le haghaidh toghchán Údarás na Gaeltachta. Bhain Val Hanley a shuíochán ach ba bheag a chualathas ó shin faoi phlean chun ceantar Gaeltachta Chathair na Gaillimhe a ath-ghaelú.
Mar sin de, ní léir go bhfuil aon léargas ar leith ag na páirtithe ó dheas ar an gceist seo, ceist na nGaeltachtaí cathracha. Níl ina gcónaí ann, dar leo, ach vótaí, vótaí ar ghá aoireacht a dhéanamh orthu le go rachaidh siad isteach sa chró cheart tráth toghcháin.
I gceathrú Gaeltachta Iarthar Bhéal Feirste, tá ard-mheas ar an nGaeilge agus is minic a chloistear an teanga amuigh ar an sráid, sna siopaí, sna scoileanna dar ndóigh, sna heaglaisí is eile. Mar is léir ó chásanna a luadh sna leathanaigh seo ar na mallaibh, níl dul chun cinn suntasach déanta ó thaobh Gaelú na bpéas go fóill ach tiocfaidh sin le himeacht aimsire.
Tá lárionad ag an bpobal seo, mar atá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus is anseo atá croí beo an cheantair - caifé, siopa leabhar, comhlacht gairmiúil amharclannaíochta, ranganna oíche, raidió pobail le teacht ar an aer in athuair go luath, gailearaí ealaíne, oifigí d’eagrais Ghaeilge.
Murar féidir stádas Gaeltachta de shórt éigin a bhronnadh ar cheantar ina bhfuil an Ghaeilge chomh beo ann, is teip samhlaíochta é ag lucht polaitiúil
Samhlaigh é, is aidhm é ag an dá mhórpháirtí ó dheas an Ghaeilge a chur chun cinn nó fiú a athréimniú mar theanga ar fud na tíre. Tagann pobal Gaelach iarthar Bhéal Feirste chun tosaigh ag rá gur mhaith leo an Ghaeilge a labhairt agus déantar neamhiontas dá dtairiscint mar gur ‘tír-ghráthóirí’ agus ‘teanga- ghráthóirí’ iad.
Labhraítear Béarla in iarthar Bhéal Feirste ar ndóigh agus is teanga mionlaigh í an Ghaeilge go fóill ann.
Ag an am céanna is léiriú é sin ar an bhfíorshaol, fiú amháin do cheantair fhíor- Ghaeltachta i gCeantar na nOileán i gConamara, i nDún Chaoin i gCiarraí, i Rann na Feirste i dTír Chonaill nó i gCúil Aodha i Músgraí. Is léiriú ar an bhfíorshaol mar a bheidh sí atá ann sna ceantair seo.
An t-aon difear atá idir iarthar Bhéal Feirste agus ceantair mar é i gcathracha na tíre agus na ceantair thuasluaite ná gur féidir go bhfásfaidh an Ghaeilge sna ceantair uirbeacha sin agus gur i léig a n-imeoidh sí sna ceantair fhíorGhaeltachta.
Is coincheap úr é an ‘Ceathrú Gaeltachta’ seo nó tagraíonn sé do cheantar ina bhfuil blas na Gaeltachta, agus éide na Gaeltachta uirthi, sa mhéid gur féidir leat coincheap atá luaite go h-iomlán le ceantair is le pobail tuaithe is cois fharraige a aistriú go ceantar cathrach.
Cuirtear seirbhísí ar fáil ann trí mheán na Gaeilge agus baineann daoine úsáid astu. Agus mura mbíonn na seirbhísí ar fáil, déantar agóid agus cuirtear brú agus, sa deireadh thiar, cuirtear na seirbhísí ar fáil.
Níl aon chúis nach mbeadh Ceathrú Gaeltachta cosúil leis an méid atá á mholadh i mBéal Feirste i ngach mórchathair in Éirinn.
Thiocfadh sé le hath-fhorbairt na cathracha sin, athfhorbairt atá ag dul ar aghaidh ar bhonn leanúnach. Má tá faoiseamh cánach ar fáil le hathfhorbairt cathrach agus faoiseamh cánach ar fáil le haghaidh cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, ní gá smaoineamh rófhada chun tosaigh le go mbeadh faoiseamh cánach ar leith ar fáil le haghaidh athfhorbairt cathrach le gné teanga ar bun, an gá?
Má tá deontas tithíochta ar fáil do theaghlaigh a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht, cén fáth nach mbeadh a leithéid ar fáil taobh amuigh di freisin?
Tá sé riachtanach go ndéanfaí a thuilleadh díospóireachta ar an gceist seo nó níl na freagraí agam.
Tá’s agam rud amháin, áfach, agus is é sin gur níos saibhre i bhfad a bheadh an Ghaeltacht dá mba rud é go raibh áit éigin faoi bhratach fhairsing an téarma sin do cheantair cathracha na tíre ina labhraítear an Ghaeilge.

le Concubhar Ó LIatháin

8/01/2006

Cé a bhéiceas STOP le heaspa pleanála tithíochta?

Tá ceist chorrach seo na pleanála ag déanamh tinnis do go leor, agus ag cur oilc ar chuile thaobh den phobal. Tá dhá scoil smaointe ann, dhá champa agus iad in adharca a chéile. Airí de chuid an Tíogair Cheiltigh atá ann, gan dabht.
Ní raibh muid chomh buartha sin faoi phleanáil nuair nach raibh an olltógáil seo ar siúl. Ar dhóigh inteacht, is cosúil go raibh muid i bhfad níos sásta nuair a bhí muid uilig bocht.
Tá bailte anois i nDún na nGall atá báite i dtithe, agus an chuid is measa de na tithe sin, más fíor, na tithe saoire.
Samhlaigh Port na Bláiche, taobh le Dún Fionnachaidh agus trasna Chuan na gCaorach uaidh, na Dúnaibh. Sna bailte seo anois, tá an t-ainmfhocal ‘smál’ in úsáid, agus an aidiacht ‘truaillithe’ á ceangal leis an chur síos atá ar na háiteanna seo. Tá na bailte seo imithe as aithne ag na daoine a tógadh iontu, agus fás as cuimse tagtha ar an líon sin tithe iontu nach tithe na ndúchasach iad.
Tá ceist na pleanála chomh tábhachtach sin agus go bhfuil croíthe briste faoin dóigh a bhfuiltear a mhilleadh ár ndúiche agus an tírdhreach á éigniú ag daoine ón bhaile isteach, agus ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, ag comhairleoirí contae agus lucht cruthaithe reachtaíochta áitiúla, nach bhfuil sé de mhianach iontu nó de mhisneach acu tabhairt faoin cheist.
Thig cladhaireacht a chur i leith an té nach bhfuil sásta seasamh amach agus a rá go neamhbhalbh go bhfuil na ceantair seo scriosta, agus go bhfuil sé rómhall anois aon rud a dhéanamh leis an scéal a chur ina cheart. Ní thig na tithe a leagan, an dtig?
Cé go bhfuil sé rómhall do Phort na Bláiche agus do Phort an tSalainn – dhá áit atá luaite go sonrach ag Comhairle Contae Dhún na nGall, nach dtiocfaidh choíche chucu féin ón mhéid tithe saoire atá tógtha iontu i gcoibhneas thithe mhuintir na háite – an bhfuil sé rómhall don chuid eile againn?
I mo bhaile féin, Mín an Chladaigh, tá an méid is mó tógála á dhéanamh anois le cúpla bliain anuas agus a rinneadh le fada an lá, ach ar a laghad, is le muintir na háite na tithe sin, agus coinníollacha daingne leagtha síos a deir nach bhfuil cead na tithe a dhíol mar dhara theach cónaithe, agus go gcaithfidh dúchasaigh na háite maireachtáil iontu.
Cad faoi na daoine nach bhfuil sé d’acmhainn acu tithe a thógáil, nó suíomh tí a cheannach fiú?
Nár chóir glacadh leis gur cheart nádúrtha doshéanta é do shaoránach ar bith teach a bheith aige, agus áras buan cónaithe a bheith aige? Nach luíonn sin le ciall?
De réir mar atá luach na talún ag ardú, agus lucht ceantálaithe agus díolta talaimh ag déanamh a stóir agus ag méadú a rathúnais ar dhroim bhriste na mbocht, tá an tsochaí seo níos éagothroime anois ná mar a bhí riamh.
De réir mar atá daoine ag teacht ón bhaile isteach agus iad ag ceannach an talaimh agus na dtithe, agus an t-airgead acu chun na tailte a cheannach amach as faoi chosa mhuintir na háite, tá an scéal ag éirí níos dearóile.
Ní thig na tithe atá ann a leagadn, an dtig?
Ní thig sampla mhuintir na Breataine Bige agus na Corsaice a leanúint, agus iad a dhó, an dtig?
Chan ariamh anois go mbeinnse ag moladh gníomh mídhleathach a dhéanamh, ach is cinnte go bhfuil gníomh ag teastáil.
Mhair muid sa tír seo fada go leor faoi na tiarnaí gallda talún, agus anois tá an roth casta thart arís, go hiomlán.
Agus ní hamháin faoin tuath, ach muintir na mbailte móra, nach bhfuil sé ar a gcumas tithe a cheannach, nó a mbailte agus a muintir a fhágáil mar gheall ar an chíos ard.
Deir Airteagal 40, Mír 5 de Bhunreacht na hÉireann: “Is slán do gach saoránach a ionad cónaithe, agus ní cead dul isteach ann go foréigneach ach de réir dlí.”
Ach cad fúthu siúd nach bhfuil ionad cónaithe dá gcuid féin acu.
Tá cuid mhaith de Bhunreacht na hÉireann atá inmholta mar aidhmeanna, ach, faraor, aidhmeanna nach bhfuil an toil ann iad a chomhlíonadh agus a fhíorú.
Gan mianach agus misneach, gan gníomh ónár bpolaiteoirí agus gníomh i gcoinne na sainte, tá go leor de chlanna Gael agus pháistí náisiún na hÉireann nach féidir leo a rá go bhfuil an ceart daonna is simplí, is bunúsaí acu, is é sin baile dá gcuid féin.

le Dónall Mac Giolla Chóill

7/31/2006

Cad a thabharfaidh ar an DUP bogadh?

Comhúdarás.
Is é sin an t-aon fhocal amháin a scanraíonn an DUP.
Dá mbagródh an dá rialtas comhúdarás sa chás nach mbunófaí Tionól, seans go mbeadh athrú ar sheasamh ‘orlach ar bith’ an DUP.
In éagmais bhagairt sin an comhúdaráis, bheadh sé chomh maith ag Bertie is ag Tony an Tionól a dhruidim anois agus cúpla céad míle punt a shábháil ar an cháiníocóir.
Don DUP is ‘aos smálaithe’ é Sinn Féin, an SDLP agus lucht vótála an dá pháirtí sin.
Taobh amuigh de na Sé Chontae, ní thuigtear méid na deistíne, méid an fhuatha, atá ag cuid den DUP is cuid dá lucht tacaíochta ar náisiúnaigh.
Cuimhnigh ar na ráitéis lán fuatha a tháinig agus a thagann go fóill ó chuid d’ionadaithe tofa an DUP ag leibhéal an tionóil agus ag leibhéal na gcomhairlí áitiúla araon.
Amharc stair an pháirtí seo agus a gceannaire ó chéad spreag a chaint Gusty Spence le dul i mbun gnímh.
Thig le hIan Mór cúpla scéal grinn a rá le Tommy Gorman ach seo fear a chaith iomlán a shaoil ag cur i gcoinne an Chaitleachais agus a mbaineann leis.
As a stuaim féin níl an DUP ag dul a léimn amach as an díog agus dul isteach i rialtas le náisiúnaigh.
Thig le Peter Hain a rogha bagairt a dhéanamh ó seo go Lá Sheoin Dic faoi tháillí uisce agus faoi dhruidim scoileanna ach ní bhogfaidh an DUP dá bharr.
Cuireann náisiúnaigh as an oiread sin do chuid mhór d’ionadaithe is do thacaithe an DUP gur fearr leo laghdú na gcomhairlí, méadú ar rátaí, táillí uisce, ‘réasúnú’ ar an chóras oideachais, druidim ospidéal, agus fiche rud eile de rogha ar chumhacht a roinnt le náisiúnaigh.
Agus cén bhagairt don DUP é go bhfuil a gcuid ionadaithe Tionóil ag dul a chailleadh a dtuarastal?
Bagairt é sin don UUP nach bhfuil ach aon fheisire Westminster amháin acu.
Ach tá naonúr feisirí Westminster ag an DUP agus thig leo glacadh go réidh le druidim Stormont.
Déarfaidh mé arís é, níl ach aon bhata amháin ag an dá rialtas leis an DUP a bhrú chun tábla - comhúdarás.
An dá rialtas a bheith ag cur i bhfeidhm réimsí iomlán Chomhaontú Aoine an Chéasta le chéile.
B’fhéarr liom féin sin ná go mbeadh rudaí ag brath ar Thionól a chuirfidh moill ar rudaí ar bhonn seicteach.
B’fhéarr liomsa comhúdarás agus thig a bheith cinnte de gur fearr le bunús mór na náisiúnach ó thuaidh comhúdarás.
Ach seachas a bheith ag moladh sin, ag bagairt sin, dúirt Bertie ar na mallaibh nach mbeidís ag lorg comhúdaráis.
Cad chuige Bertie?
Fiú mura raibh tú ag dul a lorg, níor chóir ag am margála a bheith ag cur in iúl nach raibh tú lena lorg.
Comhúdarás an t-aon bhata amháin atá ag an dá rialtas agus mura bhfuil siad lena úsáid, tá sé chomh maith acu a chur in iúl go bhfuil an DUP ag rialú na Sé Chontae mar a bhí an UUP á rialú roimh thús na dTrioblóidí.
Tá an tIRA imithe agus ní ón fhoinse sin atá an bhagairt anois.
Cothrom na hama seo bliain ó shin, thug Séanna Breathnach le fios don domhan go raibh an tIRA imithe agus nach constaic í a thuilleadh.
Agus mar fhreagra air sin cad a bhfuair náisiúnaigh?
Bogadh ar bith ar cheist na bpóilíní, bogadh ar bith ar thabhairt ar ais na n-institiúidí, bogadh ar bith ar cheist na Gaeilge, bogadh ar bith ar chearta daonna agus dá réir.
Ní aon bhagairt anois an tIRA.
An bhagairt atá anois ann ná go gcaillfidh náisiúnaigh meas ar an pholaitíocht anseo, ar na hinstitiúidí agus ar rialtas na hÉireann.
Agus déanfaidh sin dochar nach beag don chóras polaitiúil ar fad anseo agus san fhadthréimhse don chóras polaitiúil ar an oileán ar fad.

Le hEoghan Ó Néill

7/28/2006

Cén luach ar chóir cur ar ár laochra spóirt?

Ag tús na seachtaine seo, seoladh Damien Duff mar imreoir ag Newcastle agus tá mé ag déanamh go bhfuil Glenn Roeder thar a bheith sásta leis an mhargadh.
Ní raibh ar Roeder ach cúig mhilliún a dhíol as imreoir idirnáisiúnta na hÉireann – 12 mhilliún níos lú ná mar a d’íoc Chelsea as nuair a cheannaigh siad ó Blackburn é, trí bliana ó shin.
Ba dhoiligh bun nó barr a dhéanamh den mhargadh seo, nó chóir a bheith go raibh sé mhilliún ar gach bliain a chaith sé ag Droichead Stamford, gan trácht a dhéanamh ar an phá a fuair sé gach uile sheachtain lena linn (pioc uimhir ar bith idir £40,000 is £80,000 sa tseachtain).
Nó chun é a rá ar dhóigh eile, bhí cothrom le leath-mhilliún ar gach cúl a bhain sé amach do Ghormacha Londan sa Phríomhshraith!
Thiocfadh liom, ar ndóigh, luach imreoirí sacair a cháineadh agus an cheist a chur arbh fhiú imreoir proifisiúnta ar bith luach £30 milliún nó £20 milliún nó fiú £5 mhilliún?
Níl sé ach 56 bliain ó leagadh síos curiarracht a síleadh bheith thar an mheasarthacht ag an am, sé sin nuair a cheannaigh Sheffield Wednesday Jackie Sewell ó Notts County ar £35,000. Ach ar na laethanta seo, ní cheannódh sin ach b’fhéidir barraíl d’imreoir.
Agus ansin i 1979, leagadh curiarracht eile nuair a dhíol Brian Clough milliún punt, an chéad uair a tharla sin i Sasana, as Trevor Francis agus b’ionann sin agus tús an ollbhoilscithe mar a bhain le luach imreoirí sacair.
Mar sin de, tuigim nach féidir luach imreoirí sacair a athrú agus aithním gur gnó é an sacar ina bhfuil na cuntasóirí i gceannas agus, mar a deir fealsúnacht Thatcher, ina bhfuil an lámh in uachtar go huile agus go hiomlán ag fórsaí an mhargaidh.
Ach an cheist a tháinig chugam is mé ag machnamh ar mhargadh Duff ná an bhfuil an saibhreas seo tuillte níos mó ag Damien Duff ná lúthchleasaí ar bith eile?
Cuir i gcás (agus is féidir liom an gol agus an screadaíl a shamhlú) go raibh pá den chineál sin ag imreoir CLG?
Measaim nach bhfuil mórán sa difear idir lúthchleasaithe an dá spórt agus nach bhfuil ann ach ceist ama (mar a tharla i rugbaí) go ndíolfar imreoirí CLG ar bhonn proifisiúnta.
Ach cén luach a bheadh ar shár-imreoir peile nó iomána?
Leithéidí Henry Shefflin, mar shampla, nó amhail Duff, rugadh i 1979 é agus amhail imreoir úr Newcastle, sár-lúthchleasaí is ea é fosta. An difear is mó go gcaithfidh Henry a bheatha a thabhairt i dtír chomh maith lena spórt féin a imirt.
Agus muid ag déanamh comparáide idir an bheirt (cé go n-aithním an difear idir an dá spórt), ní miste amharc ar churiarracht Shefflin.
D’imir sé 31 cluiche Craoibhe (i gcomparáid le 40 Duff le Chelsea), tá 17 cúl go seo bainte amach aige, nó iomlán 218 pointe, agus cé nach staitisteoir ar bith mé, tchítear dom go bhfuil an Cat seo níos rathúla os comhair na heangaí ná mar atá Duff.
Agus tógann sé seo ceist eile i mo chloigeann – do bharúil, gur leor cúig mhilliún le Shefflin a mhealladh go Contae Aontroma?

le Deirdre Ní Ghrianna

7/27/2006

Cén deireadh a bheidh ar an gcogadh mímhorálta seo?

Mí Márta 1988, cúig mhí isteach sa Chéad Intifada, thug foireann ‘Today Tonight’ seáp isteach sa Phailistín, nó chun go mbeinn iomlán ceartchreidmheach faoi, isteach i gCríocha Gafa na bPailistíneach ar an mBruach Thiar is i nGaza. Gafa, go mí-dhleathach, de réir gnáis an Dlí Idirnáisiúnta, ag Fórsaí Impireachta Eretz Iosrael.
Ná cuir do chuid ama amú ag gearrán gur thráchtas frith-Sheimiteach é seo. Frith-Shíonach, gan dabht. Ach abair liom, cé nach bhfuil in aghaidh an fhaisisteachais reiligiúnda náisiúnaigh? Cuma cén cruth nó friotal a ghlacann sé chuige féin, nó pé brat atá ar foluain os cionn a thaibearnacail, nó pé Dia a adhratar ag a lucht leanúna?
Ní gá duinn taisteal as baile in aon chor chun samplaí dúchasacha a aimsiú, ach sin obair ‘Cheist an Lae’ eile.
Creid nó ná creid, is Seimitigh iad na Pailistínigh chomh maith. Ní scríobh frith-Ghiúdach ach oiread atá idir lámha anseo agam. Tá mionlach suntasach Ghiúdach laistigh d’Iosrael, agus lasmuigh, nach dtagann le Síonachas ach oiread.
Mionlach suntasach a aithníonn gur Dialathas Míleata í Iosrael, agus nach daonlathas í ach dóibhsean amháin iad gur Giúdaigh iad. Déarfaidh mé sin arís. Ní daonlathas, mar a thuigtear an téarma sin, í Iosrael ach do Ghiúdaigh amháin. Sea, tá an vóta ag daoine nach Giúdaigh iad. Ach níl na cearta céanna acu.
Ní daonlathas iolrach í aon stát a thugann cearta fáltais do shaoránaigh Ghiúdacha thar chearta fáltais dhúchasaigh eile.
Dá rachainn leis an chreideamh Ghiúdach, ghlacfadh Príomh Rabbi na hÉireann isteach sa chreideamh sin mé. Dá n-imeoinn ansin ar an mbád bán go Iosrael, bheinn i dteideal teach agus talamh d’fháil ar an mBruach Thiar. Teach agus talamh ar le Pailistínigh iad.
An daonlathas siabhialta sa bhrí a thuigtear go ginearálta é, an ‘daonlathas’ a dhleathaíonn a leithéid de chiníochas, nó seicteachas - nílim cinte cé acu téarma is fearr a fheileann dá leithéid sin éagóra.
Pé scéal é, agus mise i nGaza agus ar an mBruach Thiar ocht mbliana déag ó shin, is iomaí uafás in aghaidh na daonnachta a d’imir Iosrael ar a gcolcheathracha Pailistíneacha inár bhfianaise.
Géaga na shebab á mbriseadh go fuarchúiseach ag saighdiúirí Eretz Iosrael. Eisíodh an séanadh bréige oifigiuil. Ansin taispeánadh an beart beo ar theilifís.
‘We beat them, and send them back to their communities,’ arsa an Ghinearál Mitzna ag an am.
An tráth sin, Mí Márta 1988, bhí idir seasca agus céad corp Pailistíneach curtha, mar gur minic a throid Iosrael clocha na bPailistíneach le lón chogaidh bheo.
Tá sé deacair anois a chreidiúint, ach tá sé tábhachtach go meabhróimís dúinn féin, nár maraíodh oiread agus Iosraelach amháin sna caismirtí sráide don bpointe sin, agus go ceann tamaill fhada ina dhiaidh. Má bhí gunnaí agus buamaí ag na Pailistínigh (agus bhí), ní rabhadar in úsaid acu.
Ní raibh ach tacaíocht fá bhun an 5% ag Hamas ag an am sin. Éirí Amach iomlán tuata a bhí sa Chéad Intefada.
‘Nílimíd chun labhairt riamh leis an PLO’, a dúirt Chaim Herzog, (Éireannach), Uachtarán Iosrael linn, ‘mar gur dream sceimhlitheoirí iad.’ Le gach ar thit amach idir an dá linn, arbh é sin an rogha ceart, ná an rogha ciallmhar ag an am?
Thángas féin ar an dtuairim le linn na cuairte sin go raibh iompar Stáit Iosrael titithe fá bhun líne na móráltachta siabhialta. Sé sin, go raibh galar spioradálta ar Iosrael, tar éis di bancbhris mhórálta a imirt uirthi féin.
Inniu, agus seo á scríobh agam, tá cogadh mídhleathach á fhearadh ag Arm Impiriúil Eretz Iosrael in aghaidh phobal na Líobáine. Tá tacaíocht, intuigthe ar a laghad, munar tacaíocht ghníomhach é, na Stát Aontaithe agus na Breataine aici. Tá an dá chumhacht sin ag ligean do Iosrael an rud ar a dtugann sí féin ‘fíricí ar an dtalamh’ a bhuanú go ceann cúpla seachtain eile. Ansin cuirfear sos comhraic ‘onórach’ i bhfeidhm.
Feictear do Mhoslamaigh go bhfuil na gadhair fiaidh ‘ionaid’ ar an dtalamh ag na Meiriceánaigh agus na Breatanaigh chun an jab a dhéanamh ar a son.
Tá an ceart acu. Sin atá ar siúl.
Agus má bhí aon dabht in aon chor fágtha go raibh Meiriceá agus an Bhreatain, araon agus le chéile i gcás an Mheán Oirthear le linn réimeas Bush agus Blair, titithe, ar shála Iosrael, fá bhun líne na móraltachta siabhialta, tá gach scáil den dabht sin imithe anois.
Is baolach go n-íocfar go daor as seo.

Le Pat Butler

7/26/2006

Cén rud is mó a chuirfeadh stop leis an slad ar na bóithre?

Tá sé chomh simplí leis seo. Dá mbeadh níos lú carranna ag taisteal ar na bóithre, bheadh níos lú timpistí ann. Mharófaí níos lú tiománaithe is taistealaithe. Bheadh níos lú daoine gortaithe.
Freagra simplí ar cheist achrannach – an feidir nár smaoinigh duine ar bith air cheana féin?
Ar dtús, níor mhiste liom a rá go bhfuil taithí phearsanta agam, mar atá ag gach duine eile sa tír, ar ghaolta is ar chairde a cailleadh nó a gortaíodh i dtimpistí gluaisteáin.
Bhíos ag tiomáint ar ais ó Chorcaigh, an lá cheana, agus ghabhas thar an chasadh go Caisleán Ó Liatháin ar an N25, díreach taobh amuigh de Mhainistir Fhear Maí. Bheannaíos mé féin nó ag an pointe seo, breis is naoi mbliana ó shin, a maraíodh m’úncail, Pádraig Ó Liatháin. Agus é ag tabhairt síob dá mhac chun tí, bhuail leoraí an carr ina raibh sé ag taisteal. Maraíodh m’uncail ar an toirt agus gortaíodh mo chol ceathrair go dona. Tá mo chol ceathrair tagtha slán ón ghortú sin cé nach dóichí go dtiocfaidh sé slán ón tráma dá anam mar gheall ar an timpiste seo inar maraíodh a athair chomh héasca.
Ní dócha go raibh an locht ar an tiománaí leoraí ach sa mhéid is go raibh sé ag tiomáint ar an mbóthar go déanach san oíche. Níl a fhios agam cé ar a raibh an locht, leis an fhírinne a insint – ní smaoineamh é a rith liom go dtí anois.
An rud amháin atá ar eolas agam ná, gach seans, go mbeadh m’uncail beo inniu ach amháin an leoraí sin a bhuail a charr.
Nó dá mba rud é go raibh córas iompair phoiblí i Mainistir Fhear Maí a bhéarfadh mo chol ceathrair abhaile go dtí a árasán, bheadh an seans céanna ag m’úncail bheith beo inniu.
Is cuid den phríomhbhóthar ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath an N25 seo agus tá feabhas á chur air de réir a chéile - tá seachbhóthar timpeall ar Bhaile Mhistéala anois agus tá críoch á cur leis an seachbhóthar timpeall ar Mhainistir Fhear Maí.
Is eagal liom go gcuirfidh na seachbhóithre seo le líon na dtimpistí ar na bóithre mar ní bheidh ar thiománaí srian a chur leis an luas tiomána ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh, príomhbhóthar na tíre, de bharr na mbóithre úra.
Tá gá le feabhsú na mbóithre, cinnte, ach tá gá freisin an rogha a thabhairt do dhaoine gan taisteal ar na bóithre céanna ach úsáid a bhaint as seirbhís iompair phoiblí atá compordach, éifeachtach agus ar chostas réasúnta. Agus níl seo á chur ar fáil ag Iarnród Éireann nó ag Bus Éireann i láthair na huaire.
Chosain 7 gciliméadar de bhóthar uasghrádaithe idir Oileán Chiarraí agus Mainistir na Féile, an N21, chosain sé E34m. Osclaíodh an bóthar feabhsaithe sin, an tseachtain seo. Cá mhéad bus d’ardchaighdeán a cheannódh an t-airgead sin?
Cá mhéad airgid a shabhálfadh an stát ar chostais leighis?
Cá mhéad cánach a shaothródh an stát dá mba rud é go raibh codán den dream, breis is 200, a maraíodh go dtí seo i mbliana fós ina mbeatha agus saol oibre á chur isteach acu?
Tá costas ag baint le córas iompair phoiblí den scoth a chur in áit, ach tá costas freisin de bharr nach gcuirtear in áit é. Ní minic a aithnítear go bhfuil rogha i gceist sa tír seo.
Is minic daoine ag gearán nach bhfuil a dhóthain iompair phoiblí taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil Luas, Bus Átha Cliath agus DART ag freastal ar an bpobal taistil – agus go fóill, bíonn tranglam tráchta ann!
Ní ceist é a bhaineann le tranglam tráchta amháin. Cad a tharlódh, meas sibh, dá gcuirfeadh duine éigin ó thaobh amuigh den Pháil, ceantar fairsing nach bhfuil Luas nó Dart agus nach rómhinic a fheictear bus ann ach oiread, an dlí ar an stát ag tabhairt le fios go raibh a cheart chun beatha á shárú de bharr easpa seirbhís iompair phoiblí sa cheantar ina mbeadh an duine seo ag cur faoi?
Ní áirím an ceart chun slí bheatha a bheith ag duine ach ceart na beatha féin – de bharr an easpa seirbhíse iompair phoiblí, tá siad ag cur a mbeatha i mbaol ag dul ó áit go háit ar na bóithre.
Ceist comhionannais é seo. Tá do bheatha i mbaol ar bhóithre na tíre, taobh amuigh den Pháil, thar mar atá sé sa cheantar sin.
Tarlaíonn níos mó timpistí ar na bóithre taobh amuigh den Pháil mar is den riachtanas é gluaisteán a bheith ag duine le dul áit ar bith, bíodh sé ag obair nó, fiú, an teach tábhairne.
Ceist é seo a thógtar go minic. Tá an saol faoin dtuath i gcontúirt mar gheall ar an riail seo faoi thiomáint faoi thionchar an óil. Cén cineál saol shóisialta a bheadh ag duine atá ina chónaí faoin dtuath in Éirinn mura mbeadh siad ag dul go dtí an tábhairne?
Saol ar bith. Nílim ag rá gur cheart go mbeadh cead ag daoine bheith ag ól agus ag tiomáint, ach ba cheart go mbeadh rogha acu taisteal go dtí an tábhairne – agus abhaile – ar sheirbhís iompair phoiblí.
Níl a leithéid de sheirbhís oíche ar fáil faoin dtuath in Éirinn ach i gcorr-áit, agus go minic, ní mhaireann sé ach ar feadh cúpla seachtain, timpeall na Nollag.
Cén fath nach dtugann an rialtas spreagadh do thábhairneoirí – abraimis go dtabharfaí cead dóibh sciar den cháin ar gach pionta a dhíolann siad a choinneáil le costais an bhus a íoc – an tseirbhís riachtanach seo a chur ar fáil?
Níl ansan ach réiteach amháin ar fhadhb áirithe. Tá iliomad fadhbanna ann a chuireann le líon na marbh ar na bóithre agus go leor cainte ann faoin mórthábhacht a bhaineann le cur i bhfeidhm dhlíthe an bhóthair, pointí pionóis troma a ghearradh ar dhaoine agus daoine a chur den mbóthar ar fad níos minice.
Tá gá le cur i bhfeidhm na ndlíthe atá ann, gan amhras, tá gá le feabhas a chur ar na bóithre.
Ach an rud is mó a bhfuil gá leis, faoin dtuath go háirithe, taobh amuigh den Pháil, go mbeadh rogha ag daoine taisteal go dtí an áit ar mhaith leo taisteal chuici gan suí isteach i ngluaisteán.
Daoine réasúnta iad pobal tuaithe na hÉireann. Ní gá dóibh mórán ama a chaitheamh le machnamh ar an gceist. Más féidir leo dul ó A go B ar bhealach nach mbeidh contúirteach ach a bheidh compordach, éifeachtach agus ar chostas réasúnta, glacfaidh siad an rogha sin 9 n-uaire as gach 10.